Cumann na Saoirse Náisiúnta

National Irish Freedom Committee

Cill Aodain

Antaine Ó Raifteirí

 

Anois teacht an Earraigh beidh 'n lá dul chun shíneadh,
'S tár éis ná Féil' Bríde ardóidh mé mo sheol,
'O chuir mé 'mo cheann é ní chónoidh mé choíche
go seasfaidh mé síos i lár Chontae Mhaigh Eo.


I gClár Chlainne Mhuiris 'bheas mé an chead oiche
'S i mBalla taobh thíos de thosós mé ag ól,
Go Coillte Mach rachad go ndéanfad cuirt mhiosa ann
I bhfogas dhá mhíle do Bhéal an Áth'Mhóir.

Fágaim le huacht é go n-éirionn mo chroíse,
Mar éiríonn an ghaoth nó mar scaipeann an ceo,
Nuair 'smaoinim ar Cheara no 'r Ghaileang taobh thíos de,
Ar Sceathach a' Mhile nó 'r phlánai Mhaigh Eo.


Cill Aodain an baile a bhfásann gach ní ann,
Tá sméara 's sú craobh ann is meas ar gach sórt,
'S dá mbeinne 'mo sheasamh i gceartlár mo dhaoine
D'imeodh an aois díom is bheinn arís og.


Back to index page

   

National Irish Freedom Committee, P.O. Box 358 Bronx, NY 10470

website: www. irishfreedom.net   --  email: nifcmem@optonline.net

The NIFC does not accept responsibility for the content of linked websites